Scéim bhaint na móna leis an Comhairle Contae. In 1941 nó 1942 d’oscail an Comhairle Contae suas na bachtaí agus thosaigh daoine ag baint na móna. Tháinig airgead isteach sa cheantar, bhí daoine ag saothrú, tascobair a bhí ann. Bhí uaireanta fada ann, ag tiontú agus ag cróigiú. Bhí mná ag déanamh na hoibre fosta. Bhí siad ábalta £1 sa lá a shaothrú corr uair.
D’imigh cuid acu ansin anonn ag na Aeradróim thall in Albain.